Iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Más mian leat eolas a fháil atá i seilbh na hOifige seo trí úsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise, ní mór duit:

  1. An t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó ar an ríomhphost.
  2. A mhíniú go soiléir cén t-eolas atá á iarraidh agat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
  3. A bheith chomh cruinn agus chomh beacht agus is féidir leat faoin eolas atá ag teastáil uait ionas gur féidir leis an Oifig na taifid ábhartha a shainaithint go cruinn.
  4. Más mian leat rochtain a fháil ar an eolas nó na taifid i bhformáid ar leith (mar shampla, fótachóipeanna, i bhformáid leictreonach agus araile), ba cheart é sin a mhíniú nuair atá an t-iarratas á dhéanamh agat.
  5. Uimhir theileafóin lae nó seoladh ríomhphoist agus do sheoladh poist a chur le d’iarratas. Cuideoidh siad sin linn teagmháil a dhéanamh leat má thagann ceist ar bith chun cinn maidir leis an iarratas a rinne tú.
  6. An t-iarratas a sheoladh tríd an bpost nó tríd an ríomhphost chuig Oifigeach Saorála Faisnéise na hOifige:

An tOifigeach Saorála Faisnéise
Oifig an Choimisinéara Teanga
An Spidéal
Contae na Gaillimhe
Ríomhphost: saorailfaisneise@coimisineir.ie
Teileafón: 091-504006

Má bhíonn aon deacracht agat na taifid shonracha atá uait a shainaithint, beidh an tOifigeach Saorála Faisnéise, Nóirín Sheoige, nó aon bhall foirne de chuid na hOifige seo breá sásta cuidiú leat.

Cuirfidh an Oifig admháil chugat i scríbhinn nó tríd an ríomhphost go bhfuil d’iarratas faighte. Sa litir admhála sin cuirfear in iúl duit ainm agus sonraí teagmhála an duine a dhéanfaidh an cinneadh faoi d’iarratas agus cén uair a chuirfear an cinneadh sin in iúl duit.

An bhfuil táille le híoc?

D’fhéadfaí táille a ghearradh as na taifid a iarradh a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil. Tá dhá chéim sa phróiseas sin:

  1. An réimse taifead a aimsiú ina bhféadfaí teacht ar na taifid shonracha a iarradh.
  2. Na taifid faoi leith a iarradh a shainaithint, a thógáil amach agus a chur i dtoll a chéile ionas go scrúdófaí iad.

Beidh an táille atá iníoctha bunaithe ar an gcostas measta a bhainfidh le cuardach, aisghabháil agus cóipeáil na dtaifead a iarradh. Is ar chostas na dtaifead a scaoilfear a bhunófar an táille. €20 a ghearrfar as gach uair an chloig a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil na dtaifead agus is féidir €0.04 a ghearradh as gach leathanach fótachóipeáilte de na taifid a scaoilfear.

Táille iníoctha, bunaithe ar chostas measta cuardaigh agus aisghabhála (€20 in aghaidh na huaire):
Uaireanta Meastachán

Táille Iníoctha

Faoi bhun 5 €100 nó níos lú

Ní bheidh aon táille iníoctha.

Idir 5 agus 25 €101 – €500 Táille iníoctha.
Idir 25 agus 35 €501 – €700 Ní féidir níos mó ná táille €500 a ghearradh.
Níos mó ná 35 Níos mó ná €700

Rachaidh an cinnteoir i dteagmháil leis an iarratasóir agus iarrfaidh sé/sí air/uirthi an t-iarratas a bheachtú nó a leasú ionas go gcoinneofar an costas faoi €700. Má dhiúltaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas a bheachtú nó a leasú, is féidir diúltú don iarratas faoi Alt 27(12)(iii).

I gcásanna ina mbíonn táille chuardaigh agus aisghabhála i gceist, ní mór dúinn éarlais de ar a laghad 20% den chostas measta a ghearradh ar an iarratasóir.

Céard is féidir liom a dhéanamh mura mbím sásta le cinneadh na hOifige?

Anuas ar na taifid atá i seilbh na hOifige nach dtagann faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise, tá sraith díolúintí san Acht féin maidir le taifid áirithe i gcúinsí áirithe. Tá na díolúintí sin ann chun eolas íogair a chosaint i gcásanna ina bhféadfaí dochar a dhéanamh don Stát nó do thríú páirtí dá scaoilfí an t-eolas sin. Is féidir achomharc a dhéanamh in aon chás ina ndiúltaíonn an Oifig seo d’iarratas faisnéis a scaoileadh ar bhonn ceann de na forálacha sin. Is féidir achomharc a dhéanamh freisin ar aon chinneadh a bhaineann le rochtain ar thaifead a dhiúltú nó a chur siar, faoi tháillí a gearradh nó faoi fhormáid na dtaifead ar tugadh rochtain orthu.   

1. Athbhreithniú Inmheánach

Is féidir achomharc inmheánach a iarraidh ar chéad chinneadh na hOifige i ndáil le d’iarratas más rud é:

  1. Nach bhfuil tú sásta leis an gcéad fhreagra a fuair tú.
  2. Nach bhfuair tú freagra ar do chéad iarratas tar éis ceithre seachtaine. Meastar gur diúltú d’iarratas é seo agus ceadaítear duit dul ar aghaidh agus athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Déanfaidh Oifigeach atá ag grád níos airde agus nach raibh aon bhaint aige / aici leis an gcéad chinneadh an t-athbhreithniú inmheánach. Ní mór don Oifig an t-athbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre ó dháta faighte an iarratais ar an athbhreithniú inmheánach.

Le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, ní mór scríobh chuig Stiúrthóir na hOifige, Colm Ó Coisdealbha, ar an ríomhphost chuig saorailfaisnéise@coimisineir.ie nó tríd an bpost chuig an Stiúrthóir, Oifig an Choimisinéir Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Ní mór d’achomharc a dhéanamh taobh istigh de 20 lá oibre ón dáta ar eisíodh an litir chugat faoin gcéad chinneadh. (D’fhéadfaí achomharc atá deireanach a cheadú i dtosca cuí.) Beidh táille €30 iníoctha (€10 má tá cárta leighis agat) sula bhféadfar tús a chur le hathbhreithniú inmheánach. Is féidir an táille seo a íoc trí ríomhaistriú airgid agus beidh ár sonraí bainc ar fáil ar gach litir a chuirfear amach i ndáil leis an gcinneadh.

D’fhéadfadh athbhreithniú inmheánach an chéad chinneadh ar iarratas a dhearbhú, a leasú nó a chur ar ceal. Ní mór an próiseas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith curtha i gcrích sula bhféadfar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise.

2. Athbhreithniú de chuid an Choimisinéara Faisnéise

Má tá tú fós míshásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na hOifige seo. Anuas air sin, mura bhfaigheann tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach ón Oifig seo taobh istigh de thrí seachtaine, measfar gur diúltú é sin agus is féidir leat achomharc a dhéanamh maidir leis an gceist leis an gCoimisinéir Faisnéise. Is cóir achomharc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise. Is é €50 an táille ar achomharc leis an gCoimisinéir Faisnéise (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Íosghlao: 1890 223 030
Ríomhphost: info@oic.ie
Teil: 01 639 5689
Facs: 01 639 5674