Dualgais de réir Scéimeanna

Tá dualgas ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht scéim teanga a ullmhú nuair a iarrann an tAire  Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a leithéid orthu faoi réir alt 11 den Acht.

Is iad an comhlacht poiblí agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhaontaíonn forálacha na scéime agus níl aon bhaint ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an bpróiseas seo.

Nuair a dhaingníonn an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  an scéim, tá feidhm reachtúil leis na gealltanais faoin scéim agus tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí iad a chur i bhfeidhm.

Tá sé mar chuspóir leis na scéimeanna teanga méadú a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ó chomhlachtaí stáit thar thréimhse ama. Fanann na scéimeanna reachtúla seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go mbíonn scéim nua daingnithe ag an Aire.

Déantar cur síos sa scéim ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar:

Freisin is gá go ndéanfaí sonrú ar na céimeanna atá i gceist ag an gcomhlacht poiblí a ghlacadh chun na seirbhísí atá luaite a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.

Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe.

Toisc nach bhfuil aon dualgas díreach faoin Acht ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí teileafóin, bileoga eolais, preasráitis agus suímh ghréasáin a sholáthar i nGaeilge, braitheann na seirbhísí seo ar an méid atá daingnithe sna scéimeanna teanga, más ann dóibh.

Cé go bhfuil comóntacht áirithe idir na scéimeanna, tá difríochtaí substaintiúla eatarthu freisin. Dá bhrí sin, is gá breathnú ar chuile scéim ina ceann is ina ceann le féachaint céard iad na seirbhísí trí Ghaeilge atá á soláthar ag comhlacht poiblí faoi leith, sa bhreis ar sheirbhísí atá á soláthar mar dhualgas díreach faoin Acht.

Tá scéimeanna á ndaingniú ar bhonn leanúnach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis na comhlachtaí poiblí.

Is féidir teacht ar na scéimeanna teanga atá aontaithe go dtí seo faoi Scéimeanna Daingnithe.