Ionstraimí Reachtúla Logainmneacha Ginearálta

Baineann an chuid is mó de na hOrduithe Logainmneacha le contaetha faoi leith ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí, na gcontaetha, na lárionad daonra agus dúichí agus na gceantar Gaeltachta. 

Tabhair faoi deara go bhfuil leasú déanta in Alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 ar fhoráil den Ionstraim Reachtúil (Uimh. 872 de 2004) - An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 - fad is a bhaineann sé leis an logainm An Daingean.  Daingnítear sa leasú sin gur Daingean Uí Chúis i nGaeilge agus Dingle i mBéarla na hainmneach oifigiúla anois san áit a raibh An Daingean roimhe sin.

Is féidir na hOrduithe ginearálta a íoslódáil anseo.