Rialacháin faoin Acht

Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht.

Faoi na Rialacháin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid stáiseanóireachta, a gcuid comharthaíochta agus a gcuid fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge amháin, nó i mBéarla agus i nGaeilge, de réir critéar ar leith atá daingnithe sna Rialacháin.

Leagtar síos sna Rialacháin treoracha dochta maidir le hord, méid, feiceálacht, inléiteacht agus eile an téacs i nGaeilge agus i mBéarla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht dhátheangach. Tá díolúintí ar leith ceadaithe i gcásanna áirithe ar stáiseanóireacht, ar chomharthaíocht agus i bhfógairtí taifeadta béil.

Tiocfaidh na Rialacháin i bhfeidhm thar thréimhse ama mar atá sonraithe anseo.

Stáiseanóireacht

Eochairdhátaí do theacht i bhfeidhm na Rialachán maidir le stáiseanóireacht
Spriocdháta I bhfeidhm ó
1 Márta 2009 Teacht i bhfeidhm na Rialachán maidir le stáiseanóireacht, ach amháin sna cásanna seo a leanas
1 Márta 2011 I gcás stáiseanóireachta a bhí i seilbh comhlachta phoiblí cheana féin 
ar an 1 Márta 2009
1 Márta 2013 I gcás stáiseanóireachta ar ghá ríomhchlár a athrú ina leith 
chun an stáiseanóireacht a chur ar fáil i nGaeilge

Comharthaí

Eochairdhátaí do theacht i bhfeidhm na Rialachán maidir le comharthaí
Spriocdháta I bhfeidhm ó
1 Márta 2009 I gcás comharthaí nua, is é sin comharthaí a shuitear in aon suíomh ar 1 Márta 2009 nó dá éis sin (cibé acu an in ionad comharthaí níos sine atá siad nó nach ea)
1 Márta 2012 I gcás comharthaí a shuitear in aon suíomh roimh 1 Márta 2009 ar comharthaí iad ar ina leith a bheadh na Rialacháin seo á gcomhlíonadh murach earráid sa téacs Gaeilge
1 Márta 2013 I gcás comharthaí i mBéarla amháin a shuitear in aon suíomh roimh 1 Márta 2009
1 Eanáir 2026 I gcás comharthaí a shuitear in aon suíomh ar comharthaí iad atá ag cloí leis na Rialacháin ach nach bhfuil an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla nó go bhfuil na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla
1 Márta 2013 I gcás comharthaí de gach aicme eile

Fógairtí Taifeadta Béil

Eochairdháta do theacht i bhfeidhm na Rialachán maidir le fógairtí taifeadta béil
Spriocdháta I bhfeidhm ó
1 Iúil 2013 Teacht i bhfeidhm na Rialachán maidir le fógairtí taifeadta béil

Is féidir na Rialacháin (I.R. Uimh.391 de 2008) a íoslódáil anseo.